Gaeilgeoir na Seachtaine & Deir Ó Grádaigh – Maith Sibh!
21st Apr 2026
Comhghairdeas mór leis na buaiteoirí Gaeilgeoir na Seachtaine an tseachtain seo! Táimid fíorbhródúil asaibh as bhur n-iarracht agus as bhur gcuid Gaeilge a úsáid go laethúil ar scoil.
Maith sibh freisin do na páistí go léir a ghlac páirt inár gcomórtas seachtainiúil Deir Ó Grádaigh ag an tionól. Tá sé iontach an spéis agus an fuinneamh atá á léiriú agaibh agus sibh ag labhairt as Gaeilge os comhair an scoile.
Lean oraibh leis an obair iontach—tá sibh ar fheabhas! 🇮🇪
Scoil Cholmcille SNS, Newbrook Road, Donaghmede, Dublin 13. Phone: 01 847 7300

